|
DÁIL EIREANN.An Dara Tuarasgabháil ón gCoiste um Nós-Imeachta.(Second Report of the Committee on Procedure.)Ag leaga Tuarasgabhála eile ar a n-imeachta san fé bhráid na Dála dhom, tá údarás agam ón gCoiste um Nós-imeachta an méid seo a leanas do rá i dtaobh na Tuarasgabhála san. Tá molta an Choiste le fáil sa Sceideal a ghabhann leis seo, atá roinnte ina dhá chuid. Sa chéad chuid tá roinnt Orduithe nua ’na molann an Coiste glaca leo. Gheofar roinnt rudaí nua ann. Tá rialacha ann, cuir i gcás, chun na himeachta a théigheann roimh thoghachán an Chinn Chomhairle i nDáil nua do rialú, Tá cnósach eile d’orduithe ann a rialuíonn an tslí chun deighleáil le Tairisgint chun Dul chun an Chéad Ghnótha Eile. Tugadh isteach dhá riail airgeadais tháchtacha: ceann a shrianuíonn an díospóireacht ar Mheastacháir bhreise, agus ceann a thugann comhacht chun polasaí generálta Aire, i dtaobh Aireachta, do phlé gan aon Iteam fé leith do tharrac anuas. Deighleálaid orduithe eile acu leis an dTigh do chó-dhéanamh, le riteanna do chur amach, agus le tuairiscí d’fháil ón gCléireach. Sa dara cuid den Sceideal gheofar tuille leasuithe fós ar na sean-Orduithe. An 22adh lá de Mhárta, 1923, fuair an Dáil Teachtaireacht ón Seanad á iarraidh ar an Dáil mola le Có-choiste um Buan-orduithe d’fhonn go n-aontófí agus go nglacfaí le Buan-orduithe chun teangamháil idir an dá Thigh do rialú. Dá dhruim sin do rith an Dáil an rún so:— “An Teachtaireacht ó Sheanad Eireann do chur chun an Choiste um Nósimeachta chun pé ní is dó leo is fearr do dhéanamh ina thaobh.” Do réir an teagaise sin do chuaidh an Coiste i gcomhairle le Coiste sin an tSeanaid um Buan-orduithe an 18adh lá dAbrán. Dhin ionaduithe an tSeanaid tairisgintí a bhaineann leis na nithe seo leanas do tharrac anuas:— (1) Có-shuidheanna do ghairm; (2) Có-choistí do thionscnamh; (3) Caoi do thabhairt do bhaill gach Tighe ar chuaird do thabhairt ar an dTigh eile agus labhairt agus ceisteanna d’fhreagairt i dtaobh Billí ina mbeadh suim acu; (4) An tslí chun Billí Airgid do dheimhniú; agus (5) An tslí chun deighleáil le Billí Príobháideacha. Tar éis d’úr gCoiste-se na tairisgintí sin do bhreithniú, do chinneadar a mhola don Dáil go ndéanfaí atharú ar Bhuan-ordú le n-ar ghlac an Dáil an 8adh lá de Mhárta, i dtreo go ngairmfadh an Ceann Comhairle Có-shuidheanna tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirleach an tSeanaid. Cuid de sna nithe do pléadh níor réidhtíodh le n-a chéile ina dtaobh. Do haontuíodh tuille cruinnithe do bheith ann ar phuintí nár socruíodh. Is dó le n-úr gCoiste-se gur cheart na Buan-orduithe, sa mhéid go mbainid le Gnó Puiblí, d’fhoillsiú i bhfuirm leabhair agus iad ar an staid ar a bhfuilid fé láthair. Comhairlíd an Bun-reacht do chur ina dteannta mar go bhfuil a lán acu nách féidir a thuisgint gan an Bun-reacht do léigheamh. Molaid dá réir sin go n-údaródh an Dáil na Buan-orduithe do chur in eagar agus treoraí do chur leo agus iad do thabhairt amach sa bhfuirm adubhradh. I dteannta an Chó-chruinnithe sin tuas, do chruinnigh an Coiste chúig uaire o chuireadar a dTuarasgabháil deiridh isteach. MICHEAL O hAODHA, Ceann Comhairle. 11adh Bealtaine, 1923. |
||||||||||||