Committee Reports::Report - Appointment of Comptroller and Auditor-General::11 January, 1923::Report

DÁIL EIREANN.

Tuairisc Choiste ar Cheapa Árd-Sgrúdóra.

(Report of Committee on Appointment of Comptroller and Auditor-General.)

Tuairisc Choiste do cheap Dáil Eireann ar an 11adh Eanair, 1923, chun machtnamh do dhéanamh agus duine do thogha a molfaí don Dáil do phost an Árd-Sgrúdóra agus do nithe eile a bhaineann leis.


Láithreach:—Peadar Ó hAodha (Cathaoirleach), Liam Ó Briain, Donchadh Ó Guaire, Séamus Ó Dóláin, Liam Mag Aonghusa, Domhnall Mac Cárthaigh, S. B. O. Faoilleacháin (Rúnaí).


Do bhí cheithre ainmneacha os cóir an Choiste, ach ar a dheimhniú dhóibh gur oibrigh Seoirse Mag Craith go hábalta agus go héifeachtúil i bpost dá shaghas don Dara Dáil, molaid é do cheapa mar Árd-Sgrúdóir fén Acht den Oireachtas do ritheadh ar an 5adh lá d’Eanair, 1923.


(Sighnithe),


PETER HUGHES (Cathaoirleach).


WM. O’BRIEN.


SÉAMUS N. O’DÓLÁIN.


DENIS J. GOREY.


WILLIAM MAGENNIS.


DOMHNALL Mac CÁRTHAIGH.


S. B. O’FAOILLEACHÁIN (Rúnaí).


11th January, 1923.