Committee Reports::Report - Irish Manuscripts::07 July, 1923::Report

SEANAD ÉIREANN.

TUARASGABHAIL ÓN gCOISTE AR LÁIMHSCRIBHÍNNIBH GAEDHILGE.

(Report of Committee on Irish Manuscripts.)

Do ceapadh an Coiste seo do réir an Rúin seo leanas do cuireadh i bhfeidhm ag an Seanad ar an 19adh Aibreán, 1923:—


Coiste do cheapadh chun scéim do chur os comhair an Rialtais chun Láimhscribhínnibh Gaedhilge atá ’n-a luighe anois san Acadamh agus i gColáiste na Tríonóide agus i n-áiteannaibh eile nach iad do chur i n-eagair, do chlárú agus do chur amach; chun na canamhaintí beódha d’iniúchadh go cruinn is go beacht; chun foclóir foghanta na sean-Gaedhilge do chur le chéile is do chlóbhuail. Go mbheadh comhacht ag an gCoiste cabhair a d’iarraidh ó dhaoinibh nach baill de’n Seanad agus fiadhnais do thógaint ’n-a thaobh ; na Seanadóirí seo do bheith ar an gCoiste sin:—Liam Yeats, Eilís Bean de Graoin, Eibhlín Bean Mhic Coisdealbha agus Éamonn MacGiollaiasachta; beirt mar líonchomhairle.


Do réir an Rúin seo do tháinigh an Coiste le chéile go minic agus do beartuíodh go molfaí d’on tSeanad an socrú seo leanas:—


The Committee think it advisable to proceed further with the taking of evidence and the consideration thereof before making any recommendation, and accordingly request the Seanad to pass a Resolution authorising the Committee to defer their Report till the next Session of the Seanad.


Sighnithe,


W. B. YEATS,


Cathaoirleach an Choiste.


Chairman of the Committee.


7adh Iúil, 1923.