Committee Reports::Report - Appointment of Committee on Procedure::05 March, 1923::Report

DÁIL EIREANN.

Tuarasgabháil ón gCoiste um Nós-Imeachta.

(Report of Committee on Procedure).

Do ceapadh an Coiste seo leis an rún so leanas a ghlac Dáil Eireann an 17adh Mí na Samhna, 1922:—


“Go gceaptar do réir Bhuan-Ordú 11 Coiste um Nós-Imeachta ar a mbeidh naonúr Teachtaí, cúigear de Pháirtí na hAireachta, beirt den Pháirtí Oibreachais, duine de Pháirtí na bhFeirmeoirí, agus duine ó Ghasra na Neaspleách, an Ceann Comhairle bheith ’na Chathaoirleach ar an gCoiste: Fós go gceapaidh an Coiste um Nós-Imeachta pé breiseanna no leasuithe is riachtanach a dhéanamh ar na Buan-Orduithe.”


Do haontuíodh mar an gcéanna go ndéanfadh gach Páirtí a quota féin den Choiste d’ainmniú agus na hainmneacha do chur in úil don Cheann Comhairle. Do tugadh comhacht do gach Teachta ionaduí do sholáthar nuair ná beadh ara chumas féin bheith i láthair.


Do hainmníodh na Teachtaí seo leanas: Domhnall Mac Cárthaigh, Peadar O hAodha, Séamus O Dóláin, Gearóid Mac Giobúin, Tomás Mac Eoin, Liam O Briain, Seán O Maolrúnaidh agus Ailfrid O Broin.


Do tháinigh an Coiste le chéile naoi n-uaire déag, agus do bhreithnídear na Buan-Orduithe a glacadh go haimseartha ar an 6adh Mí na Nodlag, 1922.


Do ceapadh gur gá dhá alt tháchtacha i dtaobh Nós-Imeachta Airgid, agus Conbharsáid le Seanad Eireann do chur leis na Buan-Orduithe. Do dineadh amhlaidh agus cuirtear an tora os bhúr gcóir leis seo d’fhonn go molfaí é.


Do réir na tagartha atá sa rún thuas chun aon leasuithe is gá do dhéanamh sna Buan-Orduithe do dhin an Coiste na hOrduithe seo do scrúdú go géar agus cuirid os bhúr gcóir leis seo, d’fhonn go molfaí é, téacs na leasuithe agus na mínithe go léir a dineadh ar na Buan-Orduithe.


Sé tuairim an Choiste go bhfuil sna Buan-Orduithe fé mar atáid méaduithe agus leasuithe anois rialacha do gach luath-riachtanas sa mbéid a bhaineann le Gnó Puiblí. Bhí na téarmaí tagartha leathan go leor chun Billí Príobháideacha d’fholú, ach toisc deabha a bheith leis na nithe ar a dtráchtar sna Buan-Orduithe a tíolaictear anois, do cheap an Coiste gur bhfearr tora a saothair go dtí so do chur fé nbhúr mbráid.


Do réir an rúin seo leanas do ritheadh ag Dáil Eireann ar an 19adh Eanair, 1923:—


“Go n-iarrtar ar an Seanad a údarú don Chathaoirleach agus d’aon bhall no bhaill eile a ainmneoidh an Seanad ceist cheaptha Fóirne an dá Thighe feasta do phlé leis an gCeann Comhairle agus le hUachtarán na hArd-Chomairle. Go gcuirtear ar cáirde idir dá linn breithniú memorandum an Aire Airgid agus an chuid eile de Thuarasgabhála Coiste an tSeanaid,”


do tháinigh an Ceann Comhairle agus na Seanadóirí seo leanas le chéile:—An Tiarna Glenavy (Cathaoirleach), Séamus Dubhghlas, Mac Shéamuis agus Mac Coinnigh. Do haontuíodh Abhcóide a cheapa chun Buan-Orduithe i dtaobh Billí Príomháideacha do chur le chéile, na Buan-Orduithe seo bheith mar a chéile den dá Thigh chó fada agus is féidir é. Do haontuíodh fós go dtiocfadh an Ceann Comhairle, Cathaoirleach an tSeanaid agus Dlí-Oifigeach na hAireachta (Aodh Ua Cinnéide) le chéile le haghaidh an Abhcóidhe roimh-ráite d’ainmniú. Dá bhárr san do hainmníodh Pilib A. O’C. de Faoite, B.L., agus tá dreacht de Bhuan-Orduithe ar Bhillí Príomháideacha á chur le chéile aige anois. Beidh na Buan-Orduithe seo ullamh go luath agus cuirfear iad fé bhráid an Choiste seo agus fé bhráid Dháil Eireann.


MICHÉAL O hAODHA,


Ceann Comhairle.


5adh Márta, 1923.