Committee Reports::Report of the Committee on Standing Orders (Dáil Éireann)::21 November, 1922::Report

DÁIL EIREANN.

(Pairlimint Shealadach.)


Tuarasgabháil ón gCoiste ar Bhuan-Orduithe.

(Report of Committee on Standing Orders.)

Do ceapadh an Coiste seo do réir an rúin seo leanas do cuireadh i bhfeidhm ag an nDáil ar an 11adh Meadhon Foghmhair, 1922:—


(a) “Go gceapfar Teachtaí P. O hAodha, P. Béaslaí, L. de Róiste, S. O Faoileacháin, U. Mac Cumhaill, L. O Briain, R. Mac Fheorais, agus S. O Ruanaidh agus go bhfuilid anso ceaptha mar Choiste den Dáil chun Buan-Orduithe d’ollmhú a stiúróidh obair na Dála agus go mbeidh tuarasgabháil uatha ag an nDáil fé cheann trí lá.


(b) Go mbeidh Ceann Comhairle na Dála mar Cheann Comhairle ar an gCoiste.”


Do réir an rúin seo do tháinig an Coiste le chéile cheithre uaire agus do shocruighdar d’aon ghuth Buan-Orduithe áirithe do mhola don Dáil. Do bhíodar so sa Tuarasgabháil darb dáta an 14adh Meadhon Foghmhair, 1922, do cuireadh os cóir na Dála ar an 18adh Meadhon Foghmhair 1922. Le linn na díosbóireachta d’eirigh as san do tráchtadh ar rudaí áirithe, agus do cinneadh ar na Buan-Orduithe do chur ar ais go dtí an Coiste, agus a iarraidh ar an gCoiste Buan-Orduithe eile do cheapa agus do thabhairt do sna Teachtaí Dé hAoine, 22adh Meadhon Foghmhair, 1922. Do thairg Uáitéar Mac Cumhaill an rún so leanas, agus do glacadh leis :“Go nglacfar leis na Buan-Orduithe do ceapadh ag an gCoiste go dtí Dé Luain, an 25adh lá den mhí, agus, idir an dá linn, go gcuirfear pé leas-rún is maith le Teachtaí fé bhráid an Choiste go dtí Dé Céadaoin, an 20adh Meadhon Foghmhair, ar an lá is déanaí dhe, agus go mbeidh tuarasgabháil ag an nDáil ón gCoiste Dé Luain an 25adh den mhí ar an lá is déanaí dhe.”


Do réir an ordú so do tháinig an Coiste le chéile dhá uair eile. Do fuarthas leas-rúin ó Thomás Mac Eoin, Darghal Figes agus Pádraig Mag Ualghairg agus do cuireadh trí chéile iad. Do tugadh ansan fé lán-sgrúdú do dhéanamh ar an gcéad dreacht, agus táthas ag tairsgint anso dreacht eile go raibh an Coiste ar aon aigne ina thaobh.


(Sighnithe),

 

 

MÍCHEÁL O hAODHA,

 

PEADAR O hAODHA,

 

PIARAS BÉASLAÍ,

 

LIAM de RÓISTE,

 

SEOSAMH O FAOILEACHÁIN,

 

LIAM O BRIAIN,

 

RISTEARD MAC FHEORAIS,

 

SEÁN O RUANAIDH,

 

UÁITÉIR MAC CUMHAILL.

21adh Meadhon Foghmhair, 1922.