Committee Reports::Report No. 01 - Standing Orders ::14 December, 1922::Report

SEANAD EIREANN.

Tuarasgabháil ón gCoiste ar Bhuan-Orduithe.

(Report of Committee on Standing Orders.)

Do ceapadh an Coiste seo do réir an rúin seo leanas do cuireadh i bhfeidhm ag an Seanad ar an 11adh Mí na Nodlag, 1922:—


(a) “Go gceaptar Coiste chun Buan-Orduithe do Sheanad Eireann do chur le chéile.


(b) “Gurb iad a bheidh ar an gCoiste ceaptha—Lord Glenavy, Sir John Keane, James G. Douglas, James Moran, Sir T. Grattan Esmonde, Patrick W. Kenny, James Perry Goodbody, John Thomas O’Farrell, Siubhán Bean an Phaoraigh.”


Do tháinigh na baill so leanas eadhon, Lord Glenavy, James G. Douglas, Sir T. Grattan Esmonde, Patrick W. Kenny, John T. O’Farrell le chéile do réir an rúin seo Dé Céadaoin, 13adh Mí na Nodlag, agus arís Déardaoin, 14adh Mí na Nodlag —ní raibh Sir T. Grattan Esmonde i láthair an lá san— agus do shocruídar dhaon ghuth an Dreacht de Bhuan-Orduithe a ghabhann leis seo do mhola don tSeanad.


Sighnithe,

 

 

GLENAVY,

 

JAMES G. DOUGLAS,

 

T. GRATTAN ESMONDE,

 

JOHN T. O’FARRELL,

 

PATRICK W. KENNY.

14adh Mí na Nodlag, 1922.


(14th December, 1922.)