Committee Reports::Report - Recommendations as to Ministers who shall not be Members of the Executive Council::03 October, 1922::Report

Tuarasgabháil an Choiste.

1. Do ceapadh an Coiste do réir Rúin do rith an Dáil ar an 20adh Meán Fhomhair, 1923, mar leanas:—


“Go dtoghtar Coiste den Dáil, ar a mbeidh cúig teachtaí déag, chun molta a dhéanamh don Dáil do réir Airtiogal 55 den Bhunreacht i dtaobh na n-Airí i gcóir Talmhaíochta, Iascaigh, Rialtais Aitiúla agus Oifig an Phuist; go dtoghtar an Coiste do réir an vóta ionaistrithe shingil; gur aon duine déag a bheidh mar quorum den Choiste.”


2. Do réir an Rúin sin thuas do cuireadh toghachán ar siúl Dé Máirt, 25 Meán Fhomhair, 1923, agus do toghadh na Teachtaí seo a leanas chun gníomhú ar an gCoiste sin:—


Tomás Mac Eoin, Liam Mac Reamoinn, Risteárd Mac Liam, Tomás O Mathúna, Peadar Mac Aodha, Domhnall Mac Cárthaigh, Liam Mac Sioghuird, Risteárd Béimis, Liam O Daimhín, Donncha O Guaire, Peadar O Dubhghaill, Criostóir O Broin, Pilib Mac Cosgair, Alasdair Mac Cába, agus Seoirse Mac Niocaill.


3. Tháinig an Coiste le chéile Dé Céadaoin, 3 Deire Fomhair, 1923. Bhí gach Ball den Choiste i láthair.


4. Do toghadh Peadar Mac Aodha mar Chathaoirleach.


5. Do bhreithnigh an Coiste na nithe a cuireadh fé n-a mbráid san Rún san thuas.


6. Do cinneadh a mhola don Dáil na teachtaí seo a leanas d’ainmniú chun na nAireacht atá i gceist:—


(a) Pádraig O hOgáin chun bheith ina Aire um Thalmhaíocht;


(b) Fionán O Loingsigh chun bheith ina Aire um Iascach;


(c) Séamas de Búrca chun bheith ina Aire um Rialtas Aitiúil; agus


(d) Séamas Breathnach chun bheith ina Aire Puist.


PEADAR O hAODHA,


Cathaoirleach an Choiste.


3 Deire Fomhair, 1923.